An méid atá á dhéanamh againn
Mar chuid de na chéad chéimeanna eile chun dul chun cinn ilteangach a dhéanamh in Europeana, tá plépháipéar teicniúil curtha le chéile againn ina gcuirtear roinnt tograí ar fáil chun feabhas a chur ar ghnéithe ilteangacha thairseach Bailiúcháin Europeana. Cuirtear i láthair sa pháipéar seo an cur chuige atá againn faoi láthair maidir le cuardach, brabhsáil agus taispeáint na gcineálacha éagsúla sonraí inaistrithe atá ag Europeana (meiteashonraí ábhair, réada téacsúla, ábhar eagarthóireachta, comhéadan úsáideora) agus moltar bealaí nua chun na gnéithe sin a fhorbairt.
Mar shampla, moltar ann graf eolais ilteangach a úsáid, bunaithe ar fhoinsí sonraí nasctha atá ann cheana lena n-áirítear foclóirí ilteangacha atá ar fáil inár bhfearann, chun feidhmíocht ilteangach ár n-innill cuardaigh bunaithe ar mheiteashonraí a fheabhsú. D’fhéadfaí aistriúchán uathoibríoch (go Béarla) a úsáid le haghaidh na meiteashonraí nach gcumhdaítear leis an ngraf eolais, agus go córasach le haghaidh ábhar téacs iomláin (amhail nuachtáin) atá níos deacra a ailíniú le graf eolais.
Leanaimid freisin de bheith ag fiosrú na ndeiseanna a chuirtear ar fáil le teicneolaíocht nua amhail seirbhís aistriúcháin uathoibríoch eTranslation an Choimisiúin Eorpaigh agus scrúdaímid na dúshláin a bheidh roimh Europeana agus roimh earnáil na hoidhreachta cultúrtha i gcoitinne agus córais ilteangacha á dtógáil againn a rachaidh chun tairbhe dár n-úsáideoirí agus dár bpáirtithe leasmhara. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoinár gcur chuige i leith an ilteangachais i bpost Pro roimhe seo.
Conas is féidir leat cabhrú?
Is féidir le gach duine i bpobal Europeana – agus níos faide i gcéin – rannchuidiú le córais ilteangacha a thógáil don oidhreacht chultúrtha dhigiteach, agus ba mhaith linn cuireadh a thabhairt duit páirt a ghlacadh ar dhá bhealach.
Tá ár bplépháipéar teicniúil maidir le feabhas a chur ar ghnéithe ilteangacha thairseach Bailiúcháin Europeana curtha ar fáil againn do chách, agus iarraimid ort d'aiseolas ar na tograí sin a chur chugainn faoin 15 Eanáir. Déan trácht díreach ar an doiciméad nó seol ríomhphost chugainn chun do chuid smaointe a roinnt.
Is féidir leat cabhrú freisin trí aon sonraí a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha ina bhfuil téacs nó meiteashonraí teanga nádúrtha a chomhroinnt le seirbhís eTranslation an Choimisiúin Eorpaigh. Tá eTranslation bunaithe ar an Intleacht Shaorga agus cuirtear feabhas mór ar cháilíocht na teicneolaíochta sin nuair is féidir oiliúint a chur uirthi le sonraí oiriúnacha. Ach go dtí seo, tá an oidhreacht chultúrtha faoi ghannionadaíocht sna hacmhainní oiliúna, rud a chiallaíonn nach bhfuil an tseirbhís chomh maith sin chun gnéithe sonracha de shonraí na hoidhreachta cultúrtha a láimhseáil. Chun cuidiú leis an gcothromaíocht sin a cheartú, iarrtar ar institiúidí oidhreachta cultúrtha a gcuid sonraí féin a chur isteach i gcomhthiomsú oiliúna.
Tá fáilte roimh aon tacar sonraí, cé go bhfuil an-tóir ar shonraí ilteangacha ar ndóigh. Is féidir leat do chuid sonraí a roinnt tríd an ardán ELRC-SHARE; ná déan dearmad a chur in iúl go bhfuil do thacar sonraí ábhartha do Bhonneagar Seirbhísí Digiteacha Europeana! Má tá ceisteanna agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn freisin agus beimid sásta cabhrú leat agus tú a chur i dteagmháil leis na daoine ábhartha.
