Taispeánann Europeana Collections ábhar oidhreachta cultúrtha ó thart ar 3,700 institiúid éagsúil. Bailíonn líonra comhbhailitheoirí na sonraí ó thír ar leith, mar shampla, nó ó chineál institiúide amhail músaeim, nó ar ábhar ar leith, amhail stair nádúrtha, agus uaidh sin, cuireann sé ar aghaidh chuig Europeana iad.
Tugann Fóram Comhbhailitheoirí Europeana na comhbhailitheoirí náisiúnta, fearainn agus téamacha éagsúla le chéile, ionas gur féidir leo saineolas agus eolas a roinnt. Le scéim nua creidiúnaithe, tugtar de chumhacht dóibh tacú lena n-institiúidí rannpháirteacha agus níos mó dearbhuithe a thabhairt do na hinstitiúidí sin maidir le scileanna agus eolas a gcomhbhailitheoirí, agus é mar aidhm acu oibriú i dtreo cáilíocht na sonraí i mBailiúcháin Europeana a fheabhsú.
Le bliain anuas, fuair os cionn 130 institiúid oidhreachta cultúrtha ó 34 thír tacaíocht, treoir agus comhairle aonair ó na comhbhailitheoirí maidir le conas a n-ábhar a ullmhú lena chuimsiú in Europeana. Bhí tionchar aige seo ar níos mó ná 10 milliún taifead sa deireadh.
Tá córas nua saincheaptha chun ábhar nua agus nuashonraithe a bhainistiú, Metis, in úsáid anois ag an bhfoireann ag Europeana, agus lena nósanna imeachta uathoibrithe, ag laghdú cheana féin an t-am a thógann sé chun bailiúchán a phróiseáil agus a fhoilsiú. Ciallaíonn sé sin go bhfuil nuashonruithe ar bhailiúcháin ar fáil ar líne i bhfad níos luaithe ná mar a bhí siad roimhe seo. Tacaíonn na próisis a éascaíonn Metis, mar shampla a bheith in ann naisc bhriste a sheiceáil, le hiarrachtaí chun cáilíocht sonraí a fheabhsú.
Rinneadh athbhreithniú i mbliana ar an gcaighdeán cáilíochta, Creat Foilsitheoireachta Europeana, chun caighdeáin cháilíochta le haghaidh meiteashonraí a chur san áireamh chomh maith leis na caighdeáin atá ann cheana maidir le hábhar. Le bliain anuas, tháinig laghdú 3 mhilliún ar líon na dtaifead neamhchomhlíontach. Leanann Europeana de chomhbhailitheoirí agus institiúidí a spreagadh chun tagairt a dhéanamh don Chreat seo agus chun ábhar agus meiteashonraí níos fearr a chruthú. I gcomhréir leis an gCreat, ríomhann Metis agus ‘clibeanna’ gach taifead i mBailiúcháin Europeana leis an leibhéal dá gcomhfhreagraíonn sé d’ábhar agus do mheiteashonraí araon. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé níos éasca bailiúcháin a shainaithint ar gá feabhas a chur orthu chomh maith leis na bailiúcháin sin atá ar ardchaighdeán agus ar féidir iad a chur chun cinn agus a úsáid ar níos mó bealaí.
Le sraith fhairsing imeachtaí, lena n-áirítear ceardlanna náisiúnta sa tSlóivéin agus san Ostair, tugadh institiúidí oidhreachta cultúrtha, comhpháirtithe agus Fondúireacht Europeana le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na tairbhí a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha a fhoilsiú ar líne, agus Creat Foilsitheoireachta Europeana á úsáid chun a léiriú conas a imríonn cáilíocht an bhailithe tionchar ar úsáidí féideartha.
