Nuacht

Tugann staidéar arna mhaoiniú ag an Aontas léargas ar dhigitiú 3T na hoidhreachta cultúrtha inláimhsithe

3D model of a stone hand clasping a container

An 18 Aibreán 2023, tionólfar comhdháil Europeana faoi Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ina ndíreofar ar ‘Dlús a chur le 3T sa spás coiteann sonraí Eorpach don oidhreacht chultúrtha: Cén fáth a bhfuil tábhacht le 3T?' Roimh an gcomhdháil, leagaimid béim ar phríomhstaidéar arna mhaoiniú ag an Aontas maidir le cáilíocht i ndigitiú 3T na hoidhreachta cultúrtha inláimhsithe.