Nuacht

Tá sé in am tús áite a thabhairt don chultúr digiteach agus do Europeana – glac suirbhé an Aontais Eorpaigh ar an gClár nua don Eoraip Dhigiteach inniu

Is clár cistiúcháin nua ón Aontas Eorpach é an Clár don Eoraip Dhigiteach a bhfuil buiséad foriomlán beartaithe de €9.2 billiún aige, a mhúnlóidh agus a thacóidh le claochlú digiteach shochaí agus gheilleagar na hEorpa. Déanfar Europeana a chómhaoiniú leis an gclár seo ó 2022.