Fágann neamhéifeachtúlachtaí sa bhonneagar teicniúil go mbíonn sé níos deacra d’institiúidí a mbailiúcháin a chomhroinnt go héifeachtach ar líne. Chun dul i ngleic leis an dúshlán sin, déanfaidh Tionscnamh Europeana infheistíocht chun tacú le gníomhaíochtaí nuálaíochta a choinníonn an bonneagar ailínithe le teicneolaíocht úrscothach.
Bonneagar comhiomlánaithe níos éifeachtúla
Tagraíonn an chéad bhonneagar a bhfuilimid ag caint air sa chomhthéacs seo do na sásraí agus na próisis a úsáideann comhbhailitheoirí agus a líonraí d’institiúidí oidhreachta cultúrtha chun ábhar oidhreachta cultúrtha a sholáthar agus a chomhroinnt – is é sin sonraí agus ábhar a fháil in Europeana. Tá córas saincheaptha inmheánach forbartha ag Europeana cheana féin chun sonraí agus ábhar a ionghabháil go héifeachtúil.
Bhí Marco Rendina, Cathaoirleach Fhóram Comhbhailitheoirí Europeana, ar dhuine de chomhaltaí an tSainghrúpa um Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach agus Europeana (DCHE) a chuir na moltaí ar a bhfuil an straitéis sin bunaithe i dtoll a chéile. Deir Marco, 'Tá comhbhailitheoirí ag súil le fada le hardán ionghabhála éifeachtúil agus comhroinnte a scaoileadh chun dlús a chur leis an bpróiseas foilsithe ar Europeana agus é a chuíchóiriú. Sa straitéis nua Europeana, tá sé sin ar cheann de na príomhthosaíochtaí anois, agus beidh bonneagar comhiomlánaithe feabhsaithe mar thoradh air a mbeidh rochtain dhíreach ag comhbhailitheoirí air, agus ag institiúidí ina dhiaidh sin, b’fhéidir, chun ábhar oidhreachta cultúrtha a ionghabháil, a bhailíochtú, a shaibhriú agus a fhoilsiú ar ardán bailiúcháin Europeana, rud a sháróidh na scrogaill iarbhír agus a fhágfaidh go mbeidh sé éasca agus fiúntach d’institiúidí oidhreachta cultúrtha a n-ábhar a roinnt in Europeana.’
Ábhar nasctha níos fearr
Ina dhiaidh sin, tá sraith bonneagair ann a fhágann go bhfuil na sonraí agus an t-ábhar a bhailítear inrochtana. Anseo táimid ag caint faoi APInna a thacaíonn le húsáid ábhair in earnálacha eile amhail an t-oideachas, an taighde agus na tionscail chruthaitheacha. Déanfar an tacar APInna Europeana a fheabhsú, a dhoiciméadú a thuilleadh agus a chur chun cinn.
Seachas rochtain ar API amháin, áfach, leathnóidh forbairtí na bailiúcháin 'eintitis', a nascann míreanna le coincheapa lena n-áirítear topaicí, daoine, áiteanna agus eagraíochtaí. Is é sin an cnámh droma d’eispéireas brabhsála nua shuíomh gréasáin bhailiúcháin Europeana.
Ábhar atá níos éasca a aimsiú agus a bhrabhsáil
Agus ansin, a luaithe a bheidh sonraí agus ábhar ar fáil ar Europeana, ní mór é a bheith éasca a aimsiú agus a bhrabhsáil. Áireofar san obair sa réimse seo forbairtí breise ar an bhfeidhmiúlacht ar shuíomh gréasáin bhailiúcháin Europeana chomh maith le hábhar Europeana a dhéanamh níos inrochtana d’innill chuardaigh. Agus níos mó roghanna a thabhairt do dhaoine a úsáideann an suíomh chun bailiúcháin a chruthú, a eagrú agus a shábháil dá n-úsáid féin.
Deir Dasha Moskalenko, Bainisteoir um Eispéireas Seirbhíse Fhondúireacht Europeana, ‘Is mian linn é a dhéanamh níos éasca do dhaoine ár mbailiúchán flúirseach d’earraí oidhreachta cultúrtha a fhiosrú agus idirghníomhú leo. Teastaíonn uainn go bhfaighidh daoine go tapa an rud atá á lorg acu agus go bhfaighidh siad inspioráid ó ábhar nach raibh a fhios acu a bhí ann. Sna cúig bliana amach romhainn, tabharfaimid dúshlán dúinn féin eispéireas a dhearadh a dhéanfaidh daoine a thumadh inár gcomhoidhreacht chultúrtha. Gheobhaidh siad amach faoin gcaidreamh idir earraí atá lonnaithe ar fud institiúidí agus tíortha agus foghlaimeoidh siad faoin gcaoi a nascann ár gcultúir le chéile, faoi na cosúlachtaí eatarthu, agus gheobhaidh siad tuiscint ar na difríochtaí atá eadrainn.’
